1. |
Fáilte an Linbh Íosa
02:27
|
|||
Seacht gcéad déag míle fáilte, naoi n-uaire ’gus fiche
Roimh Mhac Dé na Glóire ’gus na Maighdine Muire
A thuirling ’na broinn ghlórmhar ’na Dhia ’s ina dhuine,
’S gurb í oíche Nollag Mór a rugadh Rí ceart na Ríthe.
Is ocht lá ’na dhéidh sin ’sea do ghlaoigh siad Lá Coille air,
I dteampall na Trionóide mar ar doirteadh an fhuil mhilis,
Dá chur in iúl dóibh siúd gur sciúirse á bhí chuige,
Ag fulaingt na daorpháise ’s ag iompar na croise.
Is mo ghrása an Mhaighdean Ghlórmhar,
'Sí banríon Fhlaithis Dé,
A rugadh ’na hAingeal agus baisteadh ’na Naomh.
Níor dhein sí riamh peaca ná ní fheadair cad é
Is gur thuirling ’na geal-bhroinn chuici Mac Dílis Dé.
|
||||
2. |
Oíche Nollag
03:43
|
|||
Le coinnle na n-aingeal, tá an spéir amuigh breactha
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc.
Adaigh an tine, ’gus téir chun na leapan
Luífidh Mac Dé insan tigh seo anocht.
Fágaidh an doras ar leathadh 'na coinne
An Mhaighdean a thiocfaidh ’s a naoi ar a hucht.
Deonaigh scíth ’bhóthair a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé insan tigh seo anocht.
Bhí soilse ar lasadh sa tigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe ola, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé insan tigh seo anocht.
|
||||
3. |
Gluais an Dís
03:05
|
|||
Ghluais an dís araon go Beithil,
Iósaf Naofa ’s an Mhaighdean déad-gheal;
Diúltaíodh iad gach áit fá lóistín
Mar bhí siad bocht sa mbaile mór sin.
Shiúil siad suas is anuas gur tharla
Don lánúin truaigh go bhfuair siad stábla
Chuaigh isteach an Bhanríon Naofa
’Gus ins an ionad sin do rugadh Íosa.
Glóire do Dhia ins na harda!
Tháinig slua aingeal anuas le scéala
Go dtáinig an Mac a thuill gean Shíol Éabha
Ní do lucht óir ná stóir ná síoda
Ach lucht faire ’bhí ag coimhéad a dtréad ann.
“A dhaoine bochta,” arsa an t-aingeal glórmhar,
“Má tá sibh gan charaid is saibhir bhur bhfómhar,
Gheobhaidh sibh beirithe É i mBeithil i stábla
An Leanbh a d’oscail daoibh geataí na ngrásta.”
Glóire do Dhia ins na harda!
Tháinig trí Rí ó éirí na gréine
Chun fáilte 'chur roimhe le treorú réalta;
Trí séada scéimheacha 'rinne siad d’iompar
Le bronnadh ar Shonas na Cruinne sa mháinséar:
Ór le cruthú gur rí ba tréine É,
Miorr le dearbhú gur glan ina mhéin É,
Túis le cruthú dá ndéantaí de píosaí
Go mairfeadh a cholann gan cháim go síoraí.
Glóire do Dhia ins na harda!
|
||||
4. |
Dia do Bheatha
05:00
|
|||
Dia do bheatha idir asal is damh gan riar
Is Dia do bheathasa id’ Leanbh, id’ Fhlaith gan chiach
Is Dia do bheathasa ód’ fhlaitheas go teach na bpian
Is Dia do bheathasa id’ Athair, id’ Mhac, id’ Dhia.
Gile mo chroí do chroíse, ’Shlánaitheoir,
Is ciste mo chroí do chroíse d’fháil im' chomhair,
Ós follas gur líon do chroí dom’ ghrá-sa, a stór,
I gcochall mo chroí do chroíse fág i gcomhad.
A Athair ’s a Íosa ’dhíon led’ bhás mé beo,
'S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochnú ceard id’ chló,
Nach danartha an gníomh, a Chríost, nár ghrása fós
Ach gach uile ní 'na mbíodh do ghráin don tsórt.
|
||||
5. |
Cuireadh do Mhuire
02:38
|
|||
An eol duit, a Mhuire, cá rachair i mbliana,
Ag iarraidh foscaidh dod’ leanbh naofa
Tráth 'bhfuil gach doras dúnta ina éadan
Ag fuath is uabhar an chine dhaonna.
Deonaigh glacadh le cuireadh uaimse
Go hoileán mara san Iarthar cianda
Beidh coinnle geala i ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna ar theallach adhanta.
|
||||
6. |
Oíche Chiúin
03:58
|
|||
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách 'na suan, dís araon,
Dís is dílse ’faire le spéis
Naíon beag gnaoi-gheal
Ceanann-tais caomh
Críost ’na chodladh go séimh
Críost ’na chodladh go séimh.
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús chuala ’n scéal;
Alleluia, aingeal ag glaoch
Cantain shuairc i ngar is i gcéin
Críost an Slánaitheoir Féin
Críost an Slánaitheoir Féin.
|
||||
7. |
||||
Dia do bheatha, a Naí anocht,
Do ghabh id’ dhiagacht daonnacht
Dár saoradh, a chnú chroí,
A bhrú mhaoth-ghlan Maighdine.
Anocht dob’ íseal dár bhFlaith
I gcró cúng an asail
Mo chean le dtáinig dá thoil
Dár fhágaibh Neamh um Nollaig.
Gaol is grá, tróc’re is toil
Le dtug Dia a Mhac dá mhalairt
Dár ndíon ar Chathair na gCiach
A Rí is Athair ’s is AoinDia.
|
||||
8. |
'Sé do Bheatha
03:14
|
|||
’Sé do bheatha, a Mhuire
’Sé do bheatha, a Mhuire
Atá lán,
Lán de ghrásta
Tá an Tiarna leat,
Is beannaithe thú idir mhná Is beannaithe toradh
Do bhroinne, Íosa.
’Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé,
Guigh orainn na peacaigh
Anois is ar uair ár mbáis
Amen, Amen.
|
||||
9. |
O Oíche Bheannaithe
04:19
|
|||
Ó oíche bheannaith’, na réalta geala ag lonrú
Is í an oíche a rugadh Críost Mac Dé
Le fada luí an domhain le peacaí is mionchoir
Gur tháinig Sé is gur bhraith m’anam saor
Le dóchas croí, tá áthas ar m’anam
Ag banú ’n lae, tig maidin ghlórmhar úr
Gabh ar do ghlúin, Ó, éist le glóir na n-aingeal
Ó oíche bheannaith’, an oíche a rugadh Críost
Ó, glóir do Rí, a Shlánaitheoir an domhain.
Le treoir chreidimh Chríost
Mar sholas lonrach aoibhinn
Ag cliabhán Dé, le luisne croí do sheas
Le treoir na réalt go gléigeal ag soilsiú,
Tháinig na Saoithe ón oirthear i gcéin
Bhí Rí na Ríthe ’na luí go bocht sa mhainséar,
In anró is brón, ár gcara É go deo,
Tuigeann Sé ár riar, ní strainséar ár ndonacht
Féach, seo do Rí, gabh ar do ghlúin
Féach, seo do Rí, gabh, gabh ar do ghlúin.
|
||||
10. |
Na Leanaí i mBeithil
02:49
|
|||
A linbh dhil mhilis do tháinig ó Pharthas anuas,
Chun scéala dei-mhéine is síocháin ó Neamh do bhreith chugainn;
Nach mór é an t-ionadh le rá Thú id’ luí insan bhfuacht
Is gur Tusa, a Shlánaitheoir ghrámhair, Tiarna na gCumhacht.
Ó, féach orainn, leanaí na hÉireann ag teacht os do chomhair,
Mar thángadar aingil is aoirí an oíche úd fadó;
Ó, molaimid d’ainm ró-naofa, a Rí dhil na sló
Agus béarfaimid leatsa ár mbuíochas, inniu is go deo.
Go bhfóirirse orainn, a Íosa, ’thug dóchas don tsaol,
Impímid go humhal ort ár muintir do chosaint ar bhaol;
Dein ainsp’rid na deighilte do dhíbirt amach uainn i gcéin,
Is is gearr go mbeidh áitreabh ár sinsear fé rath is fé réim.
|
||||
11. |
Don Oíche úd i mBeithil
03:38
|
|||
Don oíche úd i mBeithil
Beidh tagairt ar ghréin go brách
Don oíche úd i mBeithil
Go dtáinig an Briathar slán;
Tá gríos-ghrua ar spéarthaibh
’S an talamh ’na chlúdach bán
Féach Íosagán sa chliabhán
’S an Mhaighdean á dhiúl le grá.
Ar leacain lom an tsléibhe
Go nglacann na haoirí scáth
Nuair in oscailt gheal na spéire
Tá teachtaire Dé ar fáil;
“Cead glóire ’nois don Athair
I bhFlaitheasaibh thuas go hard!
Is feasta fós ar talamh
D’fhearaibh dea-mhéin’ síocháin.”
|
||||
12. |
Carúíl Inis Córthaidh
03:08
|
|||
Ó, tagaig’ uile is adhraigí
An leanbh cneasta sa chró ’na luí,
Is cuimhnígí ar ghrá an Rí
A thug dár saoradh anocht an Naí.
’S a Mhuire Mháthair i bParthas Dé
Ar chlann bhocht Éabha guigh ’nois go séimh
Is doras an chró ná dún go deo
Go n-adhram feasta Mac Mhuire Ógh.
I mBeithil thoir i lár na hoích’
Ba chlos an dea-scéala d’aoirí
Go follas don saol ón spéir go binn
Bhí aingle ’canadh ó rinn go rinn.
“Gluaisíg’ go beo,” dúirt Aingeal Dé,
“Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
’Na luí go ciúin i mainséar tuí
Siúd É an Prionsa, Mac óg an Rí.”
|
||||
13. |
Fadó, Fadó
02:37
|
|||
Gaoth bhog ag seoladh
Trí chrainn ológ
Timpeall ar Bheithil
Fadó, fadó.
Caoirigh ar leirg slé’
Faoi ghealach óir
Aoirí ag faire ann,
Fadó, fadó.
Chonaic siad aingil Dé,
Chuala a nglór
Gloria, gloria,
Fadó, fadó.
Mar thiar i mBeithil
Rugadh gan ghó
Mac Dé, Íosagán,
Fadó, fadó.
|
Angela O Floinn
Chuaigh Angela Ó Floinn faoi oiliúint in amhránaíocht ceoil chlasaicigh san Ardscoil Cheoil ar feadh ocht mbliana agus
seinneann sí go leor uirlisí ceoil. Seo é a céad albam.
Angela studied classical singing in the Conservatory of Music in Dublin (DIT) for eight years.
She brought this training and an unmatched empathy to her study of traditional music. This is her first album.
... more
Streaming and Download help
If you like Angela O Floinn, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp